15. Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?”
16. Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”
17. Ghlac Amaiziá comhairle ansin agus chuir sé teachtaireacht go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú, rí Iosrael, á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”
18. Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadan a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid.
19. Deir tú: ‘Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,’ agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?”
20. Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.
21. Ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.
22. Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.
23. Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
24. Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Obaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin d'fhill ar an tSamáir.
25. Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház, rí Iosrael.
26. An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?
27. Ón uair a d'iompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.