2 Croinicí 24:24-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis,

25. agus d'fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.

26. Ba iad lucht na comhcheilge: Zábád mac Shimeát, an tAmónach mná, agus Iahózábád mac Shimrít, an Móábach mná.

27. Maidir lena chlann mhac, leis an gcáin throm a gearradh, le hathchóiriú Theampall Dé, tá cuntas orthusan go léir scríofa sa Ghluais ar Leabhar na Ríthe. Tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.

2 Croinicí 24