1. Bhí Ióáis seacht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.
2. Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart.
3. Fuair Iahóideá beirt bhan dó agus bhí clann mhac agus iníonacha aige.
4. Ina dhiaidh sin bheartaigh Ióáis Teampall an Tiarna a dheisiú.
5. Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: “Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailigí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.” Ach rinne na Léivítigh moill.
6. Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: “Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim?
7. Rinne clann mhac Atailiá na coirpeachta dochar do Theampall an Tiarna agus bhronn siad ofrálacha coisricthe uile Theampall an Tiarna ar na Bálaím.”
8. D'ordaigh an rí dóibh cófra a dhéanamh agus é a chur lasmuigh de gheata Theampall an Tiarna.