2 Croinicí 22:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne muintir Iarúsailéim rí d'Achaizíá, an mac ab óige aige, ina áit, mar go raibh na mic a ba shine go léir marbh ag an díorma a bhris isteach sa champa leis na hArabaigh. Sin mar a tháinig Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá i gcoróin.

2. Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d'aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair.

3. Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.

4. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.

5. Ar a gcomhairlesean, ghabh sé amach le Iahórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám ag Rámot Gileád; ghoin na [hArámaigh] Iahórám,

6. agus d'fhill sé go Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iahórám mac Acháb mar go raibh sé tinn.

7. Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.

8. Agus Iéahú ag cur na daorbhreithe ar theaghlach Acháb i bhfeidhm, bhuail sé le flatha Iúdá agus le nianna Achaizíá a bhí i seirbhís an rí agus chuir chun báis iad.

9. Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.”Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.

2 Croinicí 22