3. Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.
4. Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d'oifigh Iosrael chomh maith leo.
5. Bhí Iahórám dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i réim in Iarúsailéim.
6. Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
7. Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.
8. Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin.
9. Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. D'éirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall.
10. Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.
11. Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán.
12. Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví d'athair: ‘De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát d'athair, ná Ásá rí Iúdá,
13. ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,