2 Croinicí 21:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.

2. Bhí [seisear] deartháireacha ag Iahórám, clann mhac Iahóiseáfát: Azairiá, Ichíéil, Zacairiá, Azairiáhú, Míocáéil, Seafaitiá; clann mhac Iahóiseáfát rí Iúdá iadsan go léir.

3. Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.

4. Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d'oifigh Iosrael chomh maith leo.

5. Bhí Iahórám dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i réim in Iarúsailéim.

6. Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

7. Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.

8. Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin.

9. Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. D'éirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall.

2 Croinicí 21