8. Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.
9. Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan - ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.”
10. D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:
11. “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.
12. Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,
13. mac mná de chuid na nDánach ach fear ón Tuír mar athair aige. Tá sé oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, cloiche, adhmaid, agus ar éidí corcra, gorma, craoraga, agus ar línéadach mín, agus ar gach sórt greanadh a dhéanamh, agus ar aon phatrún a iarrtar air a chur i gcrích. Cuirtear i mbun oibre é le do cheardaithe féin agus le ceardaithe mo thiarna, Dáiví, d'athair.
14. Cuireadh mo thiarna dá bhrí sin an chruithneacht, an eorna, an ola, agus an fíon a luaigh sé, chun a shearbhóntaí.
15. Agus maidir linne, déanfaimid cibé adhmad is gá duit ón Liobáin a ghearradh agus a thabhairt chugat ar cheann téide ar muir go Iopá le gur féidir duit féin é a thabhairt as sin go Iarúsailéim.”
16. Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.
17. Cheap sé seachtó míle díobh le hualaí a iompar, ochtó míle le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh agus a dheimhniú go n‑oibreodh na daoine.