2 Croinicí 18:12-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.”

13. Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.”

14. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.”

15. Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”

16. Ansin labhair Míocáia:“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhtemar chaoirigh gan aoire,agus dúirt an Tiarna: ‘Níl maistir orthu;téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

17. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.”

18. Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé.

19. Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.

20. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.

21. D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

22. Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

23. Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

24. “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.”

25. Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d'Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis,

26. agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”

27. Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

28. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.

29. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath.

2 Croinicí 18