2. Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá.
3. Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,
4. chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.
5. Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige.
6. Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá.