12. Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí.
13. Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir, d'éag sé san aonú bliain is daichead dá réimeas.
14. Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.