2 Croinicí 14:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus d'áitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh.

4. Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim.

5. D'atóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó.

6. “Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.

7. Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d'iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.

8. Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá.

9. Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá.

2 Croinicí 14