2 Croinicí 13:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir.

7. Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.

8. Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

9. Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!

10. Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.

11. Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.

12. Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”

13. Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla.

14. D'fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic.

15. Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá.

16. Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad.

2 Croinicí 13