6. Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir.
7. Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.
8. Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.
9. Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!
10. Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.
11. Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.