2 Croinicí 13:20-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d'éag sé.

21. Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag.

22. An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo?

23. Ansin chuaigh Aibíá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcomharbacht air. Bhí an tír faoi shíocháin ar feadh deich mbliana lena linn.

2 Croinicí 13