2 Croinicí 13:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San ochtú bliain déag de réimeas an rí Iarobám, tháinig Aibíá i gcoróin ar Iúdá.

2. Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám.

3. Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh.

4. Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim.

2 Croinicí 13