2 Croinicí 12:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean.

2. Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna;

3. bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta - Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh.

4. Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim.

2 Croinicí 12