2 Croinicí 11:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám

8. agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf

9. agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá

10. agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin.

11. Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.

12. Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht.

13. D'fhág na sagairt agus na Léivítigh go léir na háiteanna ina raibh siad ar fud Iosrael agus thángadar chun cónaithe in aice leis.

14. Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna,

15. agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé.

16. Baill de threibheanna Iosrael, daoine a bhí tíolactha ar fad do sheirbhís an Tiarna Dia Iosrael, lean siad iad agus tháinig siad go Iarúsailéim le híobairt a dhéanamh don Tiarna, Dia a sinsear.

2 Croinicí 11