2 Croinicí 10:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d'fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís.

9. “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?”

10. Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.

11. Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”

12. An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”

13. Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó.

14. Labhair Rachabám leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”

15. Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.

16. Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d'fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh.Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d'imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna.

17. Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá.

18. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir clann Iosrael chun báis de chlocha é; ansin níor mhór do Rachabám preabadh ina charbad agus teitheadh go Iarúsailéim.

19. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.

2 Croinicí 10