2 Corantaigh 3:16-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.”

17. Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann.

18. Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

2 Corantaigh 3