13. Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin!
14. Seo anois an tríú huair dom a bheith réidh chun teacht chugaibh. Ach ní chuirfidh mé aon chostas oraibh mar ní hé bhur gcuid atá uaim ach sibh féin. Tar éis an tsaoil níl d'fhiacha ar leanaí stór a chur i dtaisce dá dtuismitheoirí ach is ar na tuismitheoirí atá sé d'fhiacha stór a chur i dtaisce dá gclann.
15. Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm?
16. Bíodh féin nach raibh mé i mo mhuirín oraibh, bhí mé chomh glic sin, a deir sibh, gur rug mé oraibh le cealg.
17. An amhlaidh a rug mé buntáiste oraibh trí dhuine éigin dár sheol mé chugaibh?
18. D'iarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna?
19. An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d'aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil.
20. Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.
21. Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n‑ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill.