2 Corantaigh 11:27-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach.

28. Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n‑eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm.

29. Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air?

30. Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé.

2 Corantaigh 11