1 Tiomóid 5:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin

10. agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.

11. Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu

12. agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal.

13. San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.

14. B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.

15. Tá cuid acu tar éis claonadh le Sátan cheana féin.

16. Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n‑ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.

17. Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,

18. mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal”.

19. Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.

20. Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d'fhonn an chuid eile acu a scanrú.

21. I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.

1 Tiomóid 5