1 Teasalónaigh 5:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana.

12. Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.

13. Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre.

14. Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.

15. Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.

16. Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí.

17. Bígí ag guí gan staonadh

18. agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.

19. Ná múchaigí an Spiorad;

20. ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla.

21. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith

22. agus seachnaígí gach aon sórt oilc.

1 Teasalónaigh 5