1 Teasalónaigh 5:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh.

2. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna.

3. Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.

4. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach.

5. Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn.

1 Teasalónaigh 5