1 Teasalónaigh 4:16-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.

17. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.

18. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

1 Teasalónaigh 4