1 Teasalónaigh 4:15-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis:

16. mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.

17. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.

18. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

1 Teasalónaigh 4