2. Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna.
3. Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”
4. Ansin chuir clann Iosrael uathu na Bálaím agus na hAisteárót agus d'fhónadar don Tiarna amháin.
5. Ansin dúirt Samúéil: “Cruinnígí Iosrael uile le chéile i Mizpeá, agus guífidh mé an Tiarna ar bhur son.”
6. Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.
7. Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.
8. Dúirt clann Iosrael le Samúéil: “Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach”
9. Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.