10. Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.
11. Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás.
12. Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann.
13. Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.
14. Chuala Éilí an gheoin agus d'fhiafraigh sé: “Cad a chiallaíonn an liúireach seo go léir?” Bhrostaigh an fear isteach agus thug sé an scéala d'Éilí.
15. Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc.
16. Dúirt an fear le hÉilí: “Tháinig mé ón gcath; theith mé ón gcath inniu.” “Cad a tharla, a mhic?” arsa Éilí.
17. D'fhreagair an teachtaire: “Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.”
18. Nuair a luaigh sé áirc Dé, thit Éilí siar dá chathaoir ag an ngeata; briseadh a mhuineál agus fuair sé bás, óir bhí sé aosta, trom. Bhí daichead bliain caite aige mar bhreitheamh ar Iosrael.
19. Bhí bean a mhic, Píneachás, ag iompar clainne agus a hionú ag druidim léi. Nuair a chuala sí gur gabhadh áirc Dé agus go raibh athair a céile agus a céile féin araon marbh, luigh sí síos agus lámhnaigh mar gur tháinig tinneas linbh uirthi.
20. Nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, dúirt na mná a bhí ina seasamh timpeall uirthi: “Ná bíodh eagla ort! Rug tú mac!” Ach níor thug sí aon fhreagra orthu agus ní raibh aon aird aici orthu.
21. Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.
22. Dúirt sí: “D'imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.”