1. Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.][Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.
2. Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n‑arm ar pháirc an áir.
3. Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”
4. Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.
5. Nuair a tháinig áirc chonradh an Tiarna isteach sa champa, lig Iosrael go léir gáir mhór astu, a bhain macalla as an talamh.
6. Nuair a chuala na Filistínigh an gháir agus an gheoin, dúradar: “Cad is cúis leis an ngáir mhór seo i gcampa na nEabhrach?” Nuair a fuair siad amach gurbh amhlaidh a bhí áirc an Tiarna tagtha go dtí an campa,
7. bhuail eagla na Filistínigh agus dúirt siad: “Tá dia tagtha isteach sa champa. Is mairg dúinn!” ar siad. “Níor tharla a leithéid cheana.
8. Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!
9. Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.”
10. Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.
11. Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás.
12. Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann.
13. Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.