3. Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé.
4. Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D'fhreagair seisean: “Seo anseo mé,”
5. agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D'imigh sé mar sin, agus luigh síos.
6. Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”
7. Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.
8. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.