14. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.”
15. D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,
16. ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.
17. “Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”
18. D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”