1 Samúéil 3:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.

14. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.”

15. D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,

16. ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.

17. “Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”

18. D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”

19. D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.

1 Samúéil 3