1 Samúéil 29:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Fill ar ais anois, agus déan amhlaidh go síochánta, agus ná cuir olc ar thaoisigh na bhFilistíneach.”

8. “Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?”

9. D'fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’

10. Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.”

11. Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil.

1 Samúéil 29