1. Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite sna laethanta úd chun dul chun catha le hIosrael. Agus dúirt Áicís le Dáiví: “Bíodh a fhios agat go rachaidh tusa freisin agus do chuid fear ar an slógadh liom.”
2. D'fhreagair Dáiví Áicís: “Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.” Agus dúirt Áicís le Dáiví: “An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.”
3. Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.
4. Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.
5. Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith.
6. Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.
7. Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.” D'fhreagair a ghiollaí. “Tá asarlaí in Éan Dór.”
8. Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”
9. D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?”
10. Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”
11. Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.
12. Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: “Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!”