9. Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
10. Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.
11. Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”
12. Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d'imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.