5. Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall.
6. Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”
7. D'imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air.
8. Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”
9. Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
10. Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.