1 Samúéil 26:23-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.

24. Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”

25. Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.” Ansin d'imigh Dáiví leis agus d'fhill Sól ar a áit féin.

1 Samúéil 26