1 Samúéil 25:24-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.

25. Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna.

26. Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.

27. Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.

28. Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.

29. Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.

30. Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige,

31. ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.”

32. Dúirt Dáiví le hAibíogáil: “Is beannaithe an Tiarna Dia Iosrael a chuir thú i mo threo inniu!

33. Gura beannaithe d'eagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin!

34. Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar m'fhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.”

35. Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”

1 Samúéil 25