1 Samúéil 24:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuir faoi i ndaingin Éan Geidí.

2. Nuair a d'fhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: “Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.”

3. Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.

4. Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.

1 Samúéil 24