7. Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.
8. Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”
9. “Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”
10. D'imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat.
11. Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh:‘Mharaigh Sól a mhílte,Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”
12. Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat.
13. Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos.