6. Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’
7. Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige.
8. Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d'aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé - cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d'athair?”
9. D'fhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m'athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?”
10. Ansin d'fhiafraigh Dáiví de Iónátán: “Cé a inseoidh dom é má thugann d'athair freagra dolba ort?”
11. “Téanam,” arsa Iónátán le Dáiví, “téimis amach faoi na bánta.” D'imíodar araon amach faoi na bánta.