1 Samúéil 20:21-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.

22. Ach má deirim leis an ógánach: ‘Féach! tá na saigheada romhat amach.’ Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil.

23. Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.”

24. Chuaigh Dáiví i bhfolach sna bánta; tháinig an Ré Nua agus shuigh an rí síos chun bia a ithe.

25. Shuigh an rí mar ba ghnáth leis sa chathaoir ag an mballa; [shuigh] Iónátán os a chomhair, agus shuigh Aibnéar taobh le Sól, ach bhí ionad Dháiví follamh.

26. Ach ní dúirt Sól aon ní an lá sin, mar shíl sé: “Tharla rud éigin dó; tá sé neamhghlan, tá sin go cinnte.”

27. Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?”

28. D'fhreagair Iónátán Sól: “D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil:

29. ‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d'ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m'iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”

30. Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d'aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar!

31. Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”

32. Ansin d'fhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?”

33. Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.

34. D'éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é.

35. Maidin lá arna mharach ghabh Iónátán amach sna bánta chun na coinne a bhí aige le Dáiví, agus giolla óg ina theannta.

36. Dúirt sé lena ghiolla: “Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,” agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach.

37. Nuair a shroich an giolla an áit inar chaith Iónátán an tsaighead, ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla agus dúirt: “Nach bhfuil an tsaighead romhat amach?”

1 Samúéil 20