1 Samúéil 20:2-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”

3. Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”

4. Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Cad a theastaíonn uait a dhéanfainn duit?”

5. D'fhreagair Dáiví: “Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá).

6. Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’

7. Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige.

8. Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d'aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé - cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d'athair?”

9. D'fhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m'athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?”

10. Ansin d'fhiafraigh Dáiví de Iónátán: “Cé a inseoidh dom é má thugann d'athair freagra dolba ort?”

11. “Téanam,” arsa Iónátán le Dáiví, “téimis amach faoi na bánta.” D'imíodar araon amach faoi na bánta.

12. Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m'athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó,

13. ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.

14. Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás

15. ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún,

16. ná scriostar ainm Iónátán ó theaghlach Dháiví, [nó éileoidh an Tiarna cuntas ar Dháiví]”

17. [Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.

18. Dúirt Iónátán leis: “Amárach an Ré Nua; braithfear ar iarraidh thú mar go mbeidh do shuíochán follamh.

19. Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd.

20. Maidir liomsa, scaoilfidh mé trí saigheada cliathánach leis mar a dhéanfainn le sprioc.

21. Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.

22. Ach má deirim leis an ógánach: ‘Féach! tá na saigheada romhat amach.’ Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil.

1 Samúéil 20