11. D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.
12. Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna
13. agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh
14. agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo.
15. Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”
16. Dá ndéarfadh an duine: “Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,” deireadh sé, “Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.”
17. Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna.
18. Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.
19. Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil.
20. Ansin thugadh Éilí a bheannacht d'Ealcáná agus a bhean á rá: “Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.” Ansin théidís abhaile.
21. D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.
22. Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).
23. Dúirt sé leo: “Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir.
24. Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.
25. Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n‑athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.