1. Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví
2. agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.
3. Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m'athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m'athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.”
4. Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d'aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse.
5. Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”
6. Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.”
7. Ghlaoigh Iónátán ar Dháiví agus d'inis sé an méid sin dó. Ansin thug Iónátán Dáiví leis go dtí Sól agus bhíodh sé ag freastal air faoi mar bhíodh roimhe sin.
8. Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe.