1 Samúéil 18:23-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”

24. Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: “A leithéid seo a dúirt Dáiví.”

25. D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.

26. Thug a ghiollaí an scéala seo do Dháiví agus bhí lúcháir air a mheas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Sula raibh an t‑am tagtha

27. d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.

28. Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air,

29. agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví.

30. Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.

1 Samúéil 18