4. Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d'fhir Iúdá.
5. Tháinig Sól go cathair Amáiléic agus chuaigh in eadarnaí sa ghleann.
6. Agus dúirt Sól leis na Céinigh: “Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.” Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.
7. Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt.
8. Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang.
9. Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.
10. Tháinig briathar an Tiarna go Samúéil:
11. “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
12. Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.
13. Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”