1 Samúéil 15:21-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.”

22. Ach d'fhreagair Samúéil:“An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtíná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna?Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt,is fearr géilliúlacht ná geir reithí.

23. Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc.Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht.Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna,thug seisean an diúltú duitse mar rí.”

24. Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.

25. Maith dom mo pheaca anois le do thoil; fill ar ais liom agus adhrfaidh mé an Tiarna.”

26. Ach dúirt Samúéil le Sól: “Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.”

27. Nuair a bhí Samúéil ag casadh uaidh ar a sháil, rug Sól ar fhabhra a bhrait agus stróic é.

28. Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.

29. Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.”

30. “Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”

31. Lean Samúéil Sól ar ais más ea agus rinne Sól an Tiarna a adhradh.

32. Ansin dúirt Samúeil: “Tugaigí Agag rí Amáiléic chugam,” agus tháinig Agag chuige [in aghaidh a chos]. “Is searbh an deoch é an bás,” ar sé.

33. Dúirt Samúéil:“Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann,Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.”Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.

34. Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól.

35. Ní fhaca Samúéil Sól arís go dtí lá a bháis; chuir Sól an-bhuaireamh ar Shamúéil, agus b'aithreach leis an Tiarna gur cheap sé Sól ina rí ar Iosrael.

1 Samúéil 15