1 Samúéil 15:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.

12. Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.

13. Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”

14. Ach d'fhreagair Samúéil: “Céard is ciall más ea leis an méileach caorach seo i mo chluasa agus an bhúireach damh seo i m'éisteacht?”

15. “Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n‑ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.”

16. Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean.

17. Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael

18. agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n‑aghaidh nó go scriosfar iad.’

1 Samúéil 15