10. Tháinig briathar an Tiarna go Samúéil:
11. “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
12. Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.
13. Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”
14. Ach d'fhreagair Samúéil: “Céard is ciall más ea leis an méileach caorach seo i mo chluasa agus an bhúireach damh seo i m'éisteacht?”
15. “Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n‑ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.”
16. Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean.
17. Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
18. agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n‑aghaidh nó go scriosfar iad.’
19. Cad chuige mar sin nár gheill tú do ghlór an Tiarna? Cad chuige ar thug tú ruathar ar an gcreach agus an rud is olc i bhfianaise an Tiarna a dhéanamh?”
20. D'fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.
21. Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.”
22. Ach d'fhreagair Samúéil:“An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtíná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna?Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt,is fearr géilliúlacht ná geir reithí.